Ag Fanacht

Ag an am seo den bhliain níl uaim ach ceol na n-éan a chloisteáil agus solas an lae a fheiceáil ag síneadh amach. Tá teannas ionam agus mé ag fanacht orthu, amhal is go raibh mé ag faire amach do long seoil Valparaiso. Ní h-é nach maith liom an geimhreadh ann fhéin – is cuma liom é a bheith fuar  – ach a mhac go deo is fuath liom an bháisteach agus an dorchadas, agus cuireann siad ag brionglóidí mé faoi thíortha i gcéin.

IMG_0461

Is minic a bhíonn aiféal orm (agus ní maith liom é seo a adhmháíl) go dtáinig mé ar ais anseo, gur fhill mé ar mo fhód dúchais. Smaoiním ar theas na bhFritíortha, ar an saol a chaith mé taobh amuigh ar an trá nó ar an sliabh. Tuige an gcuireann an aimsir bac lenár gcaitheamh aimsire sa tír seo – nó an b’shin mise amháin? Tuige an mbím i gcónaí ag fanacht ar an earrach?

IMG_20120424_083241

Ar aon nós, ní droch scéal atá anseo. Ní olc an rud é a bheith sa mbaile.  Ní uafásach an rud é ceol na n-éan a chloisteáil thuas ar mo chnoc ag tús an earraigh. Tá spideoigín taobh amuigh ag breathnú isteach orm agus mé ag scríobh. Tá giorria a thagann ar cuairt ar mo gharraí, agus sionnach ó am go chéile. Tagann an chuach. Cuireann sé splanc leis an mbliain agus gliondar ormsa.

Image

Tosaím ag smaoineamh faoi na féidearthachtaí, faoi na laethanta fada geala atá os ár gcomhair, a líonfaidh mé le… bhuel, le rud ar bith. Tá siúl agam, radharc na súl, croí folláin agus tá mé sách neamhspleách – is féidir liom imeacht ar fán más mian liom é. Agus is mian liom é. Cloisim glaoch an fhiántais agus ceol mealltach na farraige.

Image

Fanfaidh mé go bhfillfidh na fáinleoga. Nuair a fheicfidh mé an damhsa faoi leith sin atá acu, nuair a bheidh siad socraithe isteach sa nead ar díon an tí arís… beidh ‘s agam ansin gur féidir liom súil a a chaitheamh ar lúbadh an bhóthair agus ar eachtra éicint eile. Tá géim sa gcailleach seo fós! Sea, is fuath liom an bháisteach – ach bheadh sé deacair rithim álainn an tsaoil a shárú.

IMG_1749

Advertisements
This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

4 Responses to Ag Fanacht

  1. Yvonne says:

    i mBéarla freisin le do thoil. go raibh maith agat Yvonne

    • silelooksup says:

      Hi Yvonne – beidh an ceann seo i nGaeilge amháin – do Sheachtain na Gaeilge! Ach go raibh míle maith agat as ucht suime a chur ann.
      Apologies Yvonne – this post is as Gaeilge for Seachtain na Gaeilge. I greatly appreciate your interest but for the week I’m trying to blog and tweet as Gaeilge.

  2. Paul says:

    An-álainn mo chara x x x

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s