Gáslampaí

DSC_0003

Gabh i leith a’ siúl liom faoi na gáslampaí

Má dhúnann tú do chuid súile

Aireoidh tú peitil chumhra ag titim orainn sa dorchadas

Aireoidh tú ceol ársa i bhfad uainn; Oirthearach nó Gaelach seans

Aireoidh tú m’anáil á ligean amach go mall

Aireoidh tú leamhan ag eitilt eadrainn

Ag cleitearnach sa spás idir ár gcuid méar

.

Gabh i leith a’ siúl liom faoi na gáslampaí.

Aireoidh tú tost an challáin

Aireoidh tú boladh géar na lampaí

Aireoidh tú preabarnaíl bhog faoin ár gcosa

Aireoidh tú mo chuisle ag luathú agus

Aireoidh tú an domhan ag titim uainn

go réidh sa mhúchsholas

.

Aireoidh tú neacha osnádútha

Ag tuirlingt ar dhuillí mo chuid súile

Agus ag damhsa ar mo mhuineál geal;

Beidh mo ghnúis ar lasadh leo

Amhail is go raibh an ghrian ag éirí

Ar rósanna a d’fhás thar oíche

In áit a bhí seasc.

.

Gabh i leith uait a’ siúl.

.

.

Advertisements
This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

3 Responses to Gáslampaí

  1. Marcus says:

    Is lóchrann tú féin, a Shíle.

  2. Deirdre says:

    Go haoibhinn ar fad, nar laga Dia tú.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s